Imirce; a chuimhne ar a athair ag imeacht ag obair go hAlbain, bhí na fir uilig ag imeacht go hAlbain go séasúrach. Bhí sé deacair go leor obair a fháil corr uair, chuaigh Dónalll é féin fríd seo é féin nuair a chuaigh sé féin ag obair in Albain. A chuimhne ar a mháthair ag fáil teileagraim le hairgead óna athair.
Fad: 00:04:30 Éist
Nuair a d’fhág Dónalll an scoil, bhí sé ag treabhadh talaimh do dhaoine ar feadh tamaill ach ní raibh mórán airgid le saothrú ar sin agus d’imigh sé leis go Albain. D’imigh sé ar bhád Doire go Haddington agus Dunbar, bhí daoine muinteartha thall aige.
Fuair sé jab ag tiomaint tarracóir ar fheirm. £7 sa tseachtain an pá a bhí aige. Chaith se séasúr ansin. Chuaigh sé go Londain ag a dheirfiúr, bhí sí le pósadh. Fuair sé obair tógála ansin le Charlie John an Ghabha. Ba saor cloiche é Dónalll agus bhí taithí mhaith aige ar obair tógála.
Fad: 00:05:57 Éist
Droichead na nDeor – phéinteáil Dónalll Droichead na nDeor agus cheannaigh bean as an Astráil é mar gur sin an bealach a deachaigh a máthair nuair a d’imigh sí go Meiriceá.
Fad: 00:01:27 Éist
A chuimhne ar na conbhuanna – American Wake agus girseacha óga ag imeacht go Meiriceá. Bhí amanna iontach truacánta ann. Ba ghnách le Dónalll an bosca a bhuaileadh ag oícheanta mar sin sula n-imíodh daoine go Meiriceá.
Fad: 00:02:26 Éist
Chaith Dónalll seal in Nua Eabhrach ag obair siúinéireachta, d’obair sé san áit a raibh na Twin Towers, siopa Macy’s agus i bhfoirgneamh na na Náisiúin Aontaithe. Bhí a dheirfiúr ina cónaí ar an Oileán Fhada agus d’fhan sé aici. Bhain sé sult as an am a chaith sé ansin. Chonaic sé paráid Lá Pádraig in Nua Eabhrac fosta.
Fad: 00:05:44 Éist